(06-04-2009)
Cúrsa Scileanna Riomhaireachta do Dhaoine ag dul in Aois
Dearadh an gcúrsa seo chun modh a chur ar fáil do dhaoine óga scileanna riomhaireachta a mhúineadh do shinsearaigh. Thosnaigh an cúrsa 20-uair a chloig ar an Mháirt, 24ú Márta, le 19 daltaí ón Idirbhliain ag múineadh sinsearaigh ar bhunús duine in aghaidh duine. Leanfaidh an gcúrsa go dtí deireadh mí Bealtaine.
Tá an chúrsa á riaradh agus á tacú ag Oibrí Óige MFG-Mheitheal Mhúscraí, Nellie Dervin, i gcomhpháirtíocht le Toirdhealbhach Ó Lionáird, Cómhórdnóir na h-Idirbhliana i gColaiste Ghobnatan, Baile Bhúirne.
Tá na daltaí uilig ag tógaint sos don Chaisc faoi láthair, agus beidh siad thar n-ais sna seomra ranga i gceann coicíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil, nó do’d mholtaí agus aiseolas (Iosladáil Foirm Aiseolas)
Tá “Log On Learn” ar fáil tré chomh-oibriú Intel, Microsoft, agus An Post www.intel.com
(06-04-2009)
Thosnaigh an tionscnamh i 2007 nuair a d’eagraigh MFG-Meitheal Mhúscraí clár i gcomhair le Coláiste Ghobnatan maidir le Drugaí le daltaí na hIdirbhliana. Iarradh ar an Ionad Alliance Sexual Health i gCathair Chorcaí teacht chun cúrsa 20 n-uaire a chur ar fáil, cúrsa a thugann deis dos na daltaí eolas a aimsiú agus a gcuid tuairimíocht maidir le sláinte agus iomparaíocht sna gné seo den tsaoil. ‘Sé seo an chéad uair don Ionad an gcúrsa seo a reachtáil i scoil dara leibhéal.
Mar thoradh, faoi láthair, tá naoiniúr daltaí ón idirbhlian ag taisteal go Corcaigh oiche in aghaidh na seachtaine chun an clár leanúnach a dhéanamh chun cáilíocht a bhaint amach. Ciallaíonn sé seo go mbeidh sé ar a gcumas cabhrú chun an cúrsa a chur i láthair dos na daltaí eile an téarma seo chugainn.
‘Sé an córas oideachas ‘comhchéime’ (Peer education) atá aitheanta mar an gcóras is eifeachtaí ar domhain maidir le Míúsáid Drugaí.
‘Siad na nascanna a bhaineann le seo ná: Coláiste Ghobnatan
The Alliance Sexual Health Centre
Moltaí maidir leis an dtionscnamh? (Iosladáil Foirm Aiseolas)
Tionscnamh Scannánaíochta
(06-04-2009)
Bhí deis iontach ag daltaí na hIdirbhlian 2008 i gColáiste Ghobnatan, de bharr go raibh Ealaíontóir Cónaithe san Ionad Cultúrtha ar feadh tréimhse. I gcomhphairtíocht leis an Ionad Cultúrtha, chuir MFG-Meitheal Mhúscraí isteach ar airgead chun Scannán tré mheán na Gaelinne a dhéanamh chuig an Tascfhórsa Drugaí Réigiún an Deiscirt, agus glacadh leis an iarratais. Bhí na daltaí páirteach i ngach gné den tionscnamh; bhíodar ag aisteoireacht, ag stiúriú, ag deighleáil le treallamh solais agus eile. Rinneadar scannán 15 noimead ag baint úsáid as “Árd Glas”, an scéal ó pheann Dermot Bolger, faoi leis an drámadóir Breandán Ó Briain ag tabhairt treoir.
Beidh fógra maidir le lainseáil an scannán go luath, agus cuirfear tuilleadh eolas amach ag an am sin.
Nascanna: Tascfórsa Drugaí an Deiscirt Dónal Ó Ceilleachair Ionad Cultúrtha Colaiste Ghobnatan
(07-04-2009)
Tá cúrsaí i bhFéin-Fhorbairt á chur i láthair chuig daltaí an Teastas Sóisearach i Scoil Mhuire agus chuig daltaí na h-Idirbhliana i gColaiste Ghobnatan. Chlúdófaí Bainistíocht Strus, Bainistíocht Agóid, agus Pleanáil le haghaidh Sprioc.
S’é cúlra an obair seo ná: I 2004, dhein MFG-Meitheal Suirbhé leis an óige i gColaiste Ghobnatan agus i Scoil Mhuire. Ag teacht amach as san, d’iarr na daltaí clár chun scileanna a thabhairt dóibh daileáil le deacrachtaí. Leis an aidhm sin againn, tá Clár Féin Fhorbairt á chur ar fáil chuig an dá scoil tarna leibhéal, ag féachaint ar na modhanna difriúla chun daileáil le strus, chun chur le muinín, féin mheas agus scileanna cumarsáide.
(nasc chuig Suirbhé leis an Óige)
(07-04-2009)
Tá an Lá Eolais ar Shlite Bheatha éagsúla á phleanáil againn don gCéadaoin 2ú Meán Fhomhair. Má’s dalta in oideachais triú leibhéal thú, nó má tá cúrsa nó printíseacht á dheanamh agat, bheadh an-áthas orainn dá mbeadh suim agat páirt a glacadh. Thóg daoine a bhí ag déanamh staidéar ar réimse leathan gairme, bhanaltracht, ealaíontóireacht, garraíodóireacht agus alán eile, páirt insan lá deirneach i 2007.
Thosnaigh an obair ar seo de bharr eolas ón Suirbhé ar an Óige i 2004 a thaispeán go raibh eolas ar chúrsaí triú leibhéal, priníseachtaí agus cursaí eile ag teastáil ós na daltaí. As seo, tá lá eolais eagraithe againn don chéad seachtain do mhí Meán Fhomhair gach dara bliain ó shin. Bíonn cuireadh curtha chuig iar-daltaí Scoil Mhuire agus Coláiste Ghobnatan atá fós san coláiste nó ag déanamh printíseacht nó cúrsa eile teacht chun caint go neamh-fhoirmeálta faoi cad tá ar siúl acu. Tá ais-eolas an-dhearfach faighte againn ar seo ón scoil agus ós na daltaí .
Chun dul i dteangmháil linn, nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí , chur glaoch ar Nellie ar 026-45661 nó Chur ríomhphost chugainn
Tacaíochtaí do Dhaoine Óga faoi Míbhuntáiste
atá ag freastal ar Cúrsaí Triú Leibhéal
(07-04-2009)
Le roinnt blianta anuas, tá sparánachtaí de idir €200 agus €500 á thabhairt chuig daltaí triú leibhéal atá faoi míbhuntáiste as Gaeltacht Mhúscraí chun tacaíocht a thabhairt dóibh freastal ar agus fanúint in oideachas triú leibhéal.
Tagann roinnt sparánachtaí ó Chiste na Mílaoise Tugadh 11 amach le linn na bliana acadúil seo ar luach €500 an ceann. Íochtar é seo i ndhá tráthchuid - €300 i mí na Nollag agus €200 i mí Aibrean.
Tá athrú le teacht ar an slí ina riartar Ciste na Mílaoise don bhliain 2009-10. Beidh breis eolas ar an suíomh seo nuair a bheidh sé ar fáil.
Tá na critéir maidir leis an gclár seo bunaithe ar staideas eacnamúil an teaghlaigh, chomh maith le nithe eile cuí.
Chun tuilleadh eolas a fháil cuir glaoch ar
Cáit ar 026-45661 nó seol rphost cughainn ar eolas@muscrai.ie