Eolas : Sarah O Sullivan 026-65878 087-2429059
Rphost : selvros@hotmail.com www.shineireland.com
Bunaíodh an grúpa seo sa bhliain 2006 chun tacú le daoine le huathachas. Tá níos mó ná 30 leanaí sa cheantar le huathachas agus A.S.D. Toisc go bhfuil an rialtas ag gearradh siar ar sheirbhísí, bhí orainn rud éigin a dhéanamh chun cabhrú leo. Na seirbhísí atá ar fáil ná, grúpa tacaíochta tuismitheoirí, club óige do leanaí le huathachas uair sa tseachtain, ‘surf 2 heal’, uimhreacha teagmhála a chur ar fáil do thuismitheoirí le tacaíocht a fháil. D’éirigh go hiontach leo ag bailiú airgid go háitiúil, ceantáil mhanglaim, clasaic gailf, thugadar airgead dos na scoileanna áitiúla le daltaí le huathachas do ríomhairí glúine, acmhainní &rl. Bíonn siad fáilteach i gcónaí roimh tuairimí nua chun airgid a bhailiú agus má bhfuil aon smaoineamh ag éinne glaoigh ar Sarah ag 087-2429059 nó ar Mary ag 086-3900313.