English
Gaeilge

Seirbhísí do dhaoine ag dul in aois agus do dhaoine soghonta sa chomhphobal

 

D'aithin ár gcomhpháirtíocht chomhphobail, mfg-Meitheal Mhúscraí, go raibh géarghá le Seirbhísí do Sheanóirí sa bhliain 2000. Táimíd ag obair ó shin leis an Roinn Oibre Comhphobail ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a thug an-spreagadh dúinn. Táimíd buíoch do Udarás na Gaeltachta a thug tacaíocht dúinn le haghaidh imeachtaí ar leith. 'Siad na grúpaí deonacha sa chomhphobal na príomh comhpháirtithe le forbairt na seirbhísí dos na seanóirí agus daoine soghonta.  

 - Comhlacht Tithe Sóisialta agus Forbairt an tSuláin Teo
    Grúpa Tithe Sóisialta.

 - Comhlacht Tithe Uibh Laoire - Grúpa Tithe Sóisialta.

 - Pobal ar Aire - i dTeannta leis na Gardaí Síochána áitiúla.

Is iomaí bliain atá na grúpaí deonacha seo ag obair agus torthaí bainte amach acu a bheadh aon ghníomhaire reachtúil fóirdheonaithe mórálach astu. Tá an obair leis na comhpháirtithe seo tar éis leathnú thar na blianta agus anois tá 21 daoine a obair go páirt aimseartha  le Seamas de Róiste mar bhainisteoir tré  an Clár Seirbhísí Pobail agus Ciste na gCúntais Dímhaoin ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus riartha ag Pobal.

Seirbhís Béilí

4 lá sa tseachtain in Ionad Lae Cois Cille, Cill na Martra
2 lá sa tseachtain in Ionad Lae Cuan Barra, Béal Atha'n Ghaorthaidh

Chomh maith leis an seirbhís béile sna h-Ionaid Lae, thar Gheimhridh 2008, cuireadh clár 'Béile sa Bhaile' ar fáil chun béilí a seacadadh go tithe daoine nach bhfuil in ann dul amach. 

Clár Taistil

  • Luas ar fáil 5-6 lá sa tseachtain
  • 3,842 paisinéir ar aistear i 2008
  • Bus Dearg ar fáil 2-3 lá sa tseachtain
  • 702 paisinéir ar aistear i 2008

Tá an dá bhus lán oiriúnach le haghaidh úsáideoirí cathaoir rothaí nó daoine eile le deacrachtaí siúl.

Bíonn tiománaí agus cúntóir taistil ar an dá bhus chun cabhrú le daoine, lena gcuid siopadóireacht agus rl.

Soisialta agus Sláinte

Seirbhísí sláinte coimhdeach ar fáil sna hIonad Lae, Coisliacht, Masáiste agus rl.

Imeachtaí Soisialta

Eagsúlacht d'imeachtaí seachtainiúl agus míosúil, Scoraíócht, Bingo, Ranganna Ealaíne,
Ranganna Ríomhaireachta, Gruagadóireacht, Turasanna agus rl.

“Focal i’d Chluas”

Nuachtlitir dhá theangach - thart ar 280 curtha amach gach mí.

Pobal ar Aire

Cuairteanna Baile chun triail a dhéanamh ar na hAlaraim Pearsanta, na hAlaraim dóiteáin, Slabhraí dorais agus rl.

* Faoi láthair tá thart ar 250 úsáideoirí iolrach na seirbhísí – Márta 2009

Tuilleadh eolas faoin gClár anseo