Eolas: Nellie Dervin 026 45661 nó 087 9163330
Rphost: muscraí@eircom.net
D’aithin MFG Meitheal Mhúscraí an gá a bhí leis an ngrúpa seo a bhunú, an Grúpa Comhchumais. Bhí daoine faoi míchumas iargúlta de bharr easpa seirbhísí agus acmhainní. Tá deis ag na daoine seo teacht le chéile go rialta agus rudaí a eagrú dóibh féin le treoir ó Nellie Dervin. Bíonn siad ag gabhail do na healaíona agus chruthaíodar mósáic don Ionad Áise i bpáirtíocht leis an ealaíontóir áitiúil Maura Whelan. Nochtfaidh Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa an mhósáic nuair a thiocfaidh sí go dtí an Ionad Áise ar an 29ú Bealtaine 2010 mar chuimhneachán ar a cuairt. Téann an grúpa ar thurais, ag siopadóireacht, go dtí an phictiúrlann, go dtí cóisirí srl. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar na huimhreacha thuas no ar an idirlín.