English
Gaeilge

Seirbhís Buiséadaithe & Comhairle Airgid saor in aisce agus faoi rún

Tá an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid faoi rún agus saor an aisce do dhaoine in Éirinn le deacrachtaí fiacha nó airgid. Tá 62 oifigí MABS in Éirinn le comhairleoirí proifisiúnta chun cabhair a thabhairt duit le:

  • déileáil le do chuid fiacha agus do buiséad a dhéanamh amach
  • féachaint ar do ioncam agus aon teidlíocht nach bhfuil á fháil agat
  • teagmháil a dhéanamh le do chreidiúnaithe ar do shon
  • an slí is fearr chun na hiocaíochtaí a dhéanamh.


Go minic téann daoine i dteagmháil leis an seirbhís de bharr:

  • billí sa bhreis tar éis eachtra cosúil le duine sa teach a bheith breoite, scaradh, bás nó tionóisc
  • easpa airgid chun billí a íoc
  • laghdú ar an méid airgead ag teacht isteach agus iocaíochtaí ar iasachtaí ag titm siar
  • ioncam íseal ag teacht isteach ar feadh tamaill agus costaisí oideachais, éadaí, taisteal, cúram leanaí agus cíos ag dul in airde
  • an iomad iasachtaí
  • go bhfuilid tar éis filleadh ar obair le níos lú airgead acu is a cheapadar agus buiséad nua le déanamh amach acu.

Má tá tú buartha faoi cúrsaí airgid chur glaoch ar MABS  1890 283 483 nó ar an oifig in Iarthar Chorcaí ar 023 8855155. Nodanna agus eolas ar fáil ar www.mabs.ie

Posted on 10/11/2010 by ONC