English
Gaeilge

Cumann Peile Chill na Martra

Gearóid Ó hÉalaithe    086-8512095     www.cillnamartra.net  Bunaíodh an Cumann Peile i gCill na Martra thart ar leathchéad bliain ó shin. Roimhe sin bhí ar imreoirí ón bparóiste imirt leis na foirne ós na paróistí máguaird. Sa lá atá inniu ann, tá 280 duine gníomhach sa chumann, ag imirt, ag riaradh, agus ag díol ticéid don Lotto seachtainiúil. Le 20 bliain anuas tá an-obair déanta ar an bpáirc peile i gCill na Martra agus d’osclaíomar Páirc Uí Chuana go hoifigiúil sa bhliain 2000.Sa bhliain 2005 do reáchtálamar Comórtas Peile na Gaeltachta. Ócáid an-mhór ab ea é dúinn ar ar osclaíodh ardán nua Ardán Uí Shuíochán. Bhí Seán Ó Ceallaigh, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, i láthair ar an lá. Glacann an Cumann páirt i Scór na nÓg, i Scór na bPáistí, agus i Scór Sinsear. Tá foirne fé 8,10,12,13,14,15,16, Mionúr, fé 21, Sóisear C, Sóisear B agus idirmheánach á gcur amach againn. Tuilleadh eolais le fáil ó Gearóid nó ar an suíomh thuas. 

 

Posted on 23/08/2010 by