Eolas: Ultan Ó hAodha 026 65883 nó 085 7824842
Rphost : ultan@onag.ie www.onag.ie
Club Óige an tSuláin
Club Óige Béal Átha’n Ghaorthaidh
Bunchlub Cúil Aodha agus Barr d’Inse
Bunchlub Baile Bhúirne
Bunchlub Béal Átha’n Ghaorthaidh
Bunaíodh na clubanna seo chun imeachtaí spraíúla a chur ar fáil in áiteanna sábháilte tré mheán na Gaeilge. Tagann siad le chéile uair sa tseachtain le linn an téarma scoile chun an Ghaeilge a úsáid i slí neamhfhoirmiúil. Chuir Bunchlub Cúil Aodha Scléip na hÓige i láthair i Meitheamh 2009. Tá breis is 100 ball i gClub Óige an tSuláin. Is club déagóirí d’aos óg pharóiste Bhéal Átha’n Ghaorthaidh atá i gClub Óige Béal Átha’n Ghaorthaidh le ceannairí óga áitiúla a bhí mar bhaill iad féin cheanna.