Bunaíodh an grúpa i 1999 chun deis a chur ar fáil do thuismitheoirí agus curamoirí teacht le chéile go soisialta lena bpaistí reamhscolaíochta.
Tagann an grúpa le chéile gach maidin Céadaoin idir 10rn. agus 12 meánlae i gcóir cupán agus dreas cainte fad is a bhíonn na paistí ag súgradh le raon leathan breagáin. I dteannta leis sin eagramid turasanna lae dos na paistí chomh maith le oícheanta airneáin dos na tuismitheoirí/curamóirí. Eagramid Campa Samhraidh dos na paistí gach bliain chomh maith.
Tré bheith páirteach san grúpa cothaítear muinín sna paistí sula bhfreastalaíonn sian ar an Naíonra. Cruthaítear cairdeas i measc na tuismitheoirí agus curamóirí ó áiteanna eagsúla in áit lárnach
Tá fáilte is fiche roimh éinne gur mhaith leo teacht le chéile linn, tuismitheoirí, seantuismitheoirí, curamóirí agus feighlí linbh san ireamh. Ni gá ach teacht chuig an Ionad Áise ar mhaidin Dé Céadaoin aon seachtain gur mhaith leo. Bíonn amhráin agus cluichí againn i nGaolainn gach seachtain.