English
Gaeilge

Conradh na Gaeilge

Eolas:             Domhnall Ó Loingsigh          026 45103

 

Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé ró fhada ina dhiaidh go raibh craobh i mBaile Mhúirne fé stiúir an Dochtúra Uí Loingsigh a thuíll clú agus cáil do Bhaile Mhúirne. Tugadh "Príomh chathair na Gaeltachta" ar an áit de bharr na duaiseanna go léir a bhuaigh muintir na háite ag an Oireachtas. I 1969 d'athbhunaíodh an Conradh le Mícheál Mac Suibhne mar Chathaoirleach ‘s i 1973, in éineacht le Cúil Aodha, bhuadar Comórtas Ghlór naGael. Bhronn an tUachtarán Eamonn de Valera an duais i bpáirc an Choláiste.

Dhein Cathaoirleach Bríd Bn Uí Loingsigh an-obair mar Chathaoirleach chun Oireachtas na Mumhan a eagrú sa cheantar. I 1979 le a fear chéile sa chathaoir bunaíodh Naíonra Bhaile Mhúirne. Caith Noirín Bean Mhic Shuibhne tréimhse mar Chathaoirleach sna hochtóidí.

Le blianta beaga anuas tá seimineár agus comóradh eagraithe ar na téamaí seo:

1989   Ceiliúradh an Athar Peadar             1995   An Gorta

1991   Comóradh na Saoirse                                  1998   Eirí Amach 1978

1993   Semineár ar an nGaelainn                           2001   Mícheál Ó Coileáin

Tá atheagrú á dhéanamh faoi láthair le baill nua óga earcaithe agus tuilleadh ball le teacht.

 

 

Posted on 28/07/2010 by