Bunaíodh Comhdháil Naomh Gobnait i mí na Samhna 1986 agus is craobh de Chumann Naomh Uinseann de Pó na hÉireann é. Tá an chomhdháil ag feidhmiú ins na ceantair seo 'leanas: Baile Mhúirne, Cúil Aodha, Cill na Martra, Réidh na nDoirí, Cluain Droichead agus Carraig an Ime.
Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do dhaoine aonaracha sa cheantar le deacrachtaí airgeadais de bharr easpa fostaíochta, breoiteacht, méala, costais oideachais etc.
Soláthraíonn an Comhdháil tacaíocht airgeadais, cuairteanna ar an aosach agus orthu siúd atá scartha go soisiálta de bharr breoiteacht, agus tacaíocht do theaghlaigh ata gan an gnáth tacaíocht clainne.
Ó bunaíodh an Chomhdháil tugadh tacaíocht do 360 teaghlaigh agus do dhaoine aonaracha agus do 17 daltaí le linn a gcúrsa iomlán 3ú leibhéal.
Chun breis eolais a fháil dein teagmháil le: Gerard Lynch, Cúil Aodha, MaighChromtha Teil: 026 45487 / 0879446458 Rphost: gerard222@eircom.net
Fáilte i gconaí roimh baill nua - tá proiséas grinnfhriosrúcháin i bhfeidhm de réir rialacha an chumainn.