Eolas: Mairéad Uí Ríordáin 026-47328 maireaduiriordain@gmail.com
Bunaíodh an ghrúpa i Meán Fómhair 2004 mar ceapadh go raibh a leithéid ag teastáil sa scoil. Tá an grúpa mar chuid den Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iarbhunoideachas. Tugann an chomhairle fé airgead a thiomsú agus gníomhaíochtaí a eagrú. I measc na ngníomhaíochtaí atá eagraithe ag an gcomhairle go dtí seo tá SPLASH Scoil Mhuire 2008 agus Lá le Vailintín 2010, taispeántas cócaireachta, na seomraí ranga a phéinteáil, athchúrsáil a chur chun cinn sa scoil agus bronnadh ar an airíoch nuair a d’éirigh sé as. Fé láthair tá rince á eagrú ag an gcomhairle lena bheith ar siúl níos déanaí sa bhliain agus beidh obair dheonach á dhéanamh sa scoil i rith an tsamhraidh chomh maith.
Is féidir le gach tuismitheoir a bheith páirteach sa ghrúpa agus faigheann gach dalta nóta nuair a bhíonn cruinniú ag teacht suas.