Bunaíodh an grúpa i mí Eanair 1997 agus tá faoi scáth Cumann Taispeantais na hÉireann. An príomh aidhm atá ag an grúpa seo ná taispeántas talamhaíochta a chur ar siúl ar an 3ú Domhnach de mhí Lúnasa gach bhliain. Éiríonn thar barr leis an taispeántas gach bhliain le réimse leathan rannóga - Capaill, Pónaí, Beithígh, Caoire, Madraí, Ealaíona agus Ceardaíochta, Spóirt, agus alán fo-thaispeántais ina measc Tarraingt na Téide, Seó an Linbh, An té is fearr gleasta, Caitheamh Punainne, Ceol, crannchur, Siamsaíocht pháistí, Taispeantas Seanré. Is grúpa deonach ar fad atá i gceist a bhraitheann go hiomlán ar tacaíocht ón lucht gnó áitiúil agus grúpaí áitiúla chun airgead a thabhairt isteach chun an Taispeántas a reachtáil gach bhliain. Más mian leat breis eolais a fháil dein teangmháil le: Olan Collins, Rúnaí an Taispeantais Teil: 026 45510 / 45957 Rphost: taispeantasbc@hotmail.com