Eolas: Mairéad Uí Laoire 026 47133 nó 086 0803254
Tá an grúpa seo mar chuid den eagraíocht NPC Primary. Bunaíodh an coiste i mí na Bealtaine 2009 chun dualgaisí an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh. Cuireann an coiste struchtúr ar fáil do thuismitheoirí na scoile oibriú le chéile chun an t-oideachas is fearr a sholáthar dá bpáistí. Oibríonn an coiste leis an bpríomhoide, leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta chun páirtíocht éifeachtach a fhorbairt idir an scoil agus an baile. Go dtí seo tá airgead bailithe ag an gcoiste chun feabhas a chur ar áiseanna súgartha i gclós na scoile agus chun cláracha bána idirghníomhacha a cheannach. Tá lus an chromchinn, boscaí bláthanna is plandaí curtha mórthimpeall na scoile acu chomh maith. Eagraíonn an coiste imeachtaí sóisialta do thuismitheoirí agus tá cead ag tuismitheoir nó caomhnóir ar bith a bheith mar bhall den choiste.