Táimíd tiomanta do ardchaighdeán ionracas a choimeád inár gcuid déileála le iar-cliaint, cliaint poitinsiúl agus páirtithe leasmhara eile, i leith gnáth rúndacht agus i leith cosaint aon eolas pearsanta a gheibhimíd le linn ár seirbhísí a sholathar. Bíonn an caighdeán céanna curtha ar fáil chuig ár gcliaint agus ár gcomhpháirtithe uilig.
Cuirimíd ár seirbhísí ar fáil i modh macánta agus fiúntach i gcónaí, agus braithimíd ar ár gcliaint agus ar ár gcompháirtithe oibriú sa tslí céanna. I leith na seirbhísí a cuirimíd ar fáil, togaimíd cúrsaí eitice san áireamh, chomh maith le cosaint agus forbairt suíomh morálach ár cliaint.
Bíonn ár gnóthaí agus ár gcomhairle i gcónaí de réir an dlí, agus creidimíd gur chóir gach eagrais, ár eagrais san áireamh, aon droch éifeacht ar chearta daonna, ar an gceantar, ar an dtimpeallacht nó ar an sochaí a sheachaint.
Déanaimíd ár ndícheall claí le coinníollacha conratha ár maoinitheoirí, agus cuirimíd sonraí aimeanna, gníomachtaí, costaisí agus cláranna ama ar fáil mar chuid den comhaontú. S’é caighdeán ár seirbhís agus luach ár dtacaíocht fíor bhunús ár leanúnachas. Aithnímíd tábhacht na rialacha agus na limistéair a bhaineann lenár gconraithe, agus déanaimíd gach iarracht iad a chomhlíonadh. Nuair is féidir, aontaimíd an leibhéal maoiniú i dtosach, ionas is féidir linn pleanáil dhéanamh le haghaidh cad atá roghainn, agus conas is féidir an obair a bhaint amach agus a fhíorú.
Coimeádaimíd úinéireacht agus cearta morálta aon mhaoin intleachtúil a chruthaimíd mura bhfuil sé aontaithe cheana féin lenár comhiomsaithe. Tá an meas céanna againn ar an cóipcheart atá ag ár gcomhiomsaithe ar a gcuid maoin intleachtúil.
Coimeádaimíd caighdeán ár seirbhís ar leibhéal árd tré athbhreithniúcháin rialta a dhéanamh lenár páirtithe leasmhara ar na haidhmeanna, na gnníomhaíochtaí, na torthaí agus an toradh de réir airgid. Cuidimíd le cruinnithe agus le tuarascáil rialta chun féachaint ar an dul chun cinn atá déanta.
Iompraímíd ár ngníomhaíocht le hionracas i gcónaí. Tógaimíd an-aire a bheith oibiachtúil inár gcuid breitiúnais agus in aon chomhairle a cuirimíd ar fáil, ionas nach mbeidh tionchar ag aon rud air seachas maitheas ár gcliaint.
Déanaimid ár ndícheall i gcónaí a bheith cothrom agus oibiachtúil inár ngnóthaí, agus ní chuireann gné, stádas pósadh, stádas clainne, claonadh gnéasach, creideamh, rás, dath, bunús eitneach, aois nó míchumas isteach ar ár gcuid moltaí nó ar ár ngnóthaí.