English
Gaeilge

Club Sóisialta Barra agus Rónán Naofa

 Eolas:             Mary O’ Shea                        026 47878    086 8306494      Rphost:           tirnaspideoga@eircom.net Bunaíodh an grúpa seo sa bhliain 2003. Tugann sé deis do Sheanóirí Uíbh Laoire teacht le chéile go rialta.  Eagraíonn siad cóisir gach mhí, i mBéal Átha’n Ghaorthaidh mí amháin agus in Inse Gheimhleach an mhí dar gcionn. Bíonn tallann áitiúil ann i gcónaí ó thaobh ceoil, amhránaíochta, bácála, srl, iad go léir deonach. Cuireann Seán Ó Sé siamsaíocht ar fáil dúinn gach Samhain. Bhíomar ar an dteilifís áitiúil cúpla uair. Táimid fíorbhuíoch do MFG Meitheal Mhúscraí a chuireann  an Luas ar fáil don ghrúpa agus do Choiste Tithe Uíbh Laoire a thugann cead dúinn a n-áiseanna a úsáid i gCuan Barra. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag na huimhreacha thuas nó ar an idirlíon. 

 

Posted on 15/06/2010 by