Eolas: Gobnait Ní Chonchúir 087 3490705
Tá Cór Lachtaín Naofa ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas faoi stiúir cumasach Ghobnait Ní Chonchúir. Glacann idir daoine fásta agus páistí scoile páirt sa chór agus le déanaí bhí breis is 100 duine páirteach i searmanais na Cásca. Táimid an-bhuíoch do Sheán Ó Muimhneacháin atá tar éis iomainn nua a chumadh agus tá Aifreann nua ar fad á ullmhú againn don bhFómhar agus don Nollaig. Tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua.