Eolas: Eibhlís Uí Thuama 026-47121 nó 086-3606829
Rphost: eibhlistwomey@hotmail.com
Bhunaigh Peadar Ó Riada Cór Ban Chúil Aodha toisc gur mheas sé folús sa cheantar do cur i láthair mnáibh ar stáitse phoiblí. Is foirmle ceoil neammhcoitianta atá á úsáid agus tá ceann ródaíocht á dhéanamh sa stíl seo. Táid tar éis bheith ar stáitse in ÉÍre, Sasana agus I gCúige Uladh. Tá dlúth dhiosca ar an margadh acu e Chaoineadh Airt Uí Laoire agus tá ceann nua eile críochnaithe acu ar Laoi na Laoithe a fhoilseofar sa bhfómhar 2010. Buaileann an cór le chéile gach seachtain ar an gCéadaoin ar 8.00 san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne i rith an téarma scoile. Tá fáilte roimh aon bhean, óg nó aosta, bheith ina mball, is féidir teacht chuig an cleachtadh nó teagmháil a dhéanamh leis an gcaptaéin nó tríd an idirlíon.