English
Gaeilge

Cumann Peile Bhéal Átha'n Ghaorthaidh

Eolas:             Bernie Bn Uí Seartan            026-47004 Níl i mBéal Átha’n Ghaorthaidh ach cuid ana bheag de pharóiste Uíbh Laoghaire in Iarthar Chorcaí. Go dtí 1957 is le foireann an pharóiste a imríodh na peileadóirí áitiúla ach toisc go raibh an oiread sin daoine óga sa cheantar seo socraíodh ar ár gcumann féin a bhunú agus ó shin i leith tá Béal Átha’n Ghaorthaidh ar ceann des na foirne is láidre i Múscraí. Tá a lán comórtaisí buaite ag na foirne ag gach leibhéal thar na blianta agus i mbliana bhuaigh an fhoireann fé 21 cluiche craoibhe agus bhuaigh an fhoireann fé 16 Sraith 2010. Tá 154 ball ar fad sa chumann. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhernie ag an uimhir thuas.

 

Posted on 23/08/2010 by