Chuaigh 50 seanóirí ón gceantar ar thuras go dtí Cill Airne ar an 23ú lá de mhí Mheán Fómhair 2010.
Tá Cill Airne suite ar imeall loch álainn i ngleann le sléibhte mórthimpeall air. Tá clú agus cáil ar Chill Airne de bharr a háilleacht nádúrtha agus is rogha coitianta ceann scríbe é ón ochtú haois déag i leith. Ar an slí go Cill Airne stadamar ag an Kerry Way i nGleann Fleisce i gcóir lóin. Fuaireamar béile deas ann agus ansin bhíomar ullamh chun tabhairt faoi chuairt ar Kate Kearney’s Cottage. Tógadh an tigh seo 150 bliain ó shin agus is é an teaghlach a ritheann é. Tá sé suite ag an mbealach isteach go dtí Bearna an Choimín – ceann des na gleannta oighrithe is áille in Iarthar na hEorpa. Bhí am deas againn ann, chuaigh roinnt den ghrúpa isteach sa siopa ceardaíochta, chuaigh roinnt ar siúlóid agus d’fhan roinnt eile ag ligint a scíth agus ag tógaint isteach na radharcanna áille.

Bhogamar ar aghaidh ansin go dtí an t-ionad siopadóireachta taobh leis an mbaile mór, atá suite le hais an Óstáin Malton. Tá raon leathan de shiopaí san ionad siopadóireachta, leis an chéad siopa monarchan Nike agus siopa Mhuileann Olla na Blarnan san áireamh. Bhain gach éinne taitneamh as na siopaí a chuardach i gcóir margaí.

Ansin bhí sé in am bogadh ar aghaidh agus d’fhilleamar ar an Kerry Way inar fuaireamar tae agus scónaí. Nuair a bhí an tae thart thosnaigh Jackie ag seinm ar an mbosca cheoil agus thosnaigh roinnt daoine ag rince. Chuireamar críoch leis an dtráthnóna le “The Banks of my own lovely Lee” chun an bua iontach a bhí ag Corcaigh cúpla lá roimhe sin a chomóradh. Bhíomar go léir sona sásta ag teacht abhaile tar éis lá maith i gCill Airne agus táimid ag súil le dul ar thuras ann arís.
